Friday, September 12, 2014

Cuairt ar Chluain Fearta (Visit to "Clonfert")

Thugamar cuairt ar Chluain Fearta le déanaí, an áit ar cuireadh Naomh Breandán, is cosúil, agus mainistir mhór le rá tráth.
We visited "Clonfert" lately, St. Brendan's burial place, and a famous monastery in its time. We were the only visitors that day.

1) Chuamar ar strae ar dtús, agus bhain an eaglais nua amach. Istigh ann tá an dealbh seo den mhaighdean. Tá scéal na deilbhe seo an-suimiúil.Féach an plaic (curtha ar fáil i mBéarla amháin, thanks Helen Riddell).







Chuir mé suntas sa "tragically" seo. Rinne mé dearmad ar an dúnmharú uafásach seo, ach nuair a chuardaigh mé an scéal tháinig sé go léir ar ais.




Tá grúpa leathchraiceáilte as Meiriceá agus Éirinn tar éis ionad aisteach darb ainm "The Emmanuel House of Providence" a bhunú in aice Cluain Fearta. Aingil, páidríní, maoithneachas, agus cupáin tae d'oilithrigh. Is cosúil go dtagann daoine anseo ag lorg bisigh ó thinnis.





Agus ar aghaidh go dtí an eaglais í féin. Cur síos deas ar an áit. I mBéarla amháin, faraor.




An doras iontach. Dáiríre - tá sé go hiontach!




Bréandán é féin. Gach rud i mBéarla, and what a stupid, vacuous, vapid prayer.




Wow!




Nach bhfuil an mhaighdean mhara go hálainn?




Dragún ar an mballa! A dragon on the wall!




B'fhada liom fáil amach céard a bhí ar na scrollanna. I'd love to know what was on the scrolls!




Céard é seo ar an gcoirnéal in aon chor? What is this thing on the corner?

Tada naofa faoin phrácas seo. Gach cuma ar seo gur cuireadh tús leis le déanaí. Tá tuairim agam go bhfuil baint ag an lucht siúil leis.
Nothing holy about this mess, which looks like it started relatively recently. I suspect the travelling community may have something to do with it.





Radharc ón taobh amuigh, agus abhaile linn.




Labels: , , , , , , , , , , , , , , ,

4 Comments:

At 7:23 AM, Blogger aonghus said...

N'fheadar.

Tá a leithéidí de sceacha/crainn clúdaithe le giobail sách coitianta in Éirinn agus Albain.

http://www.clootietree.com/whats_a_clootie_tree.htm

Feicthe agam i nGleann Dá Loch ag tobar Chaoimhín, agus i mBaile Bhúirne ag Tobar Gobnatan

 
At 7:33 AM, Blogger aonghus said...

Féach faoi "Rag Tree" anseo

http://www.treecouncil.ie/heritagetrees/aanames.htm

Tá scata ann.

 
At 10:23 AM, Blogger sacsanua said...

Aha. Mo leithscéal. Ní raibh mé ag iarraidh tabhairt le fios go raibh an lucht siúil salach. Bhí roinnt rudaí sna giobail agus sna bileogaí a thug le fios go raibh tábhacht faoi leith ag an gcrann don lucht siúil.

 
At 9:31 AM, Blogger aonghus said...

Tharlódh go bhfuil siad níos caomhaí i leith nósanna cráifeacha!

 

Post a Comment

<< Home