Thursday, September 04, 2014

"Amharc as Nua Eabhrac 4" ar fáil anois!



Beidh an t-eagrán is déanaí de Amharc as Nua Eabhrac (an podchraoladh as Nua Eabhrac) ag dul amach ar Raidió na Life amárach Dé hAoine an 5ú Meán Fomhair ag 1930 am na hÉireann. 

San Eagrán seo labhraíonn an tOllamh Brian Ó Broin (WPUNJ) le Paddy Hayes agus Louise Ní Fhiannachta faoin scannán "Rúbaí", faoi Chathair Nua Eabhraic, faoi scannánaíocht, agus faoina gcomhlacht MagaMedia.

Taifeadta ag Féile Scannán Tribeca, Nua Eabhrac.

Más mian leat réamh-éisteacht den chlár a fháil, tá teacht air anseo: http://nova.wpunj.edu/obroinb/Amharc/amharc.html

Is féidir an podchraoladh a fháil ar iTunes freisin ach an frás "Amharc as Nua Eabhrac" a chuardach in iTunes Store - Podcasts. Tá sé saor in aisce!

Scaipigí an scéal!

Paddy Hayes & Louise Ní Fhiannachta

Labels: , , , , , , , , ,

0 Comments:

Post a Comment

<< Home