Thursday, August 23, 2012

American Launch of Thógamar Le Gaeilge Iad

Sheol Brian Ó Conchubhair (Notre Dame) Thógamar le Gaeilge Iad ag an American Conference of Irish Studies, Nua Orléans, i Márta 2012. Seo físeán beag den seoladh. Labhraíonn Brian Ó Broin freisin.

Brian Ó Conchubhair (Ollscoil Notre Dame) launched Thógamar le Gaeilge Iad at the American Conference of Irish Studies, New Orléans, in March 2012. Here's a short video of the launch. Brian Ó Broin also speaks.

http://www.youtube.com/watch?v=wlkYfgh4wOA&list=UUGoiEOv3Z-SreK3oKGriUcw&index=2&feature=plcp

Labels: , , , , , , , , , , ,

Bille Lochtach, ach le Gealladh Faoi ("A Flawed [Gaeltacht] Bill, but Showing Promise")


Brian Ó Broin, "Bille Lochtach, ach le Gealladh Faoi". Gaelscéal 25ú Iúil 2012. lth. 11.
Summary: The new Gaeltacht bill has problems, particularly in how it approaches Údarás na Gaeltachta, but it shows promise, particularly in the way it suggests that certain areas and networks that are not currently in the Gaeltacht may receive quasi-Gaeltacht recognition. But has any place or network earned such recognition yet? Outside of West Belfast (maybe), this author suggests that there are no such places yet.

Achoimre: Tá lochtanna sa bhille nua Gaeltachta, go háirithe mar a dhéileáileann sé le Údarás na Gaeltachta, ach tá gealladh faoin bhille sa chaoi ina dtugann sé le fios go dtabharfar aitheantas quasi-Gaeltachta do cheantair agus gréasáin áirithe nach bhfuil sa Ghaeltacht go hoifigiúil faoi láthair. Ach an bhfuil áit nó gréasán ar bith a bhfuil an stádas seo tuillte aige/aici? Taobh amuigh d'Iarthar Bhéal Feirste (b'fhéidir), níl, dar leis an údar seo.

Bille Lochtach, ach le Gealladh Faoi
le
Brian Ó Broin

Na lochtanna is mó a fhaigheann daoine ar an mBille Gaeltachta nua ná go gcuireann sé deireadh le toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta. Buille trom is ea sin do dhaonlathas sa Ghaeltacht, ach faraor caithfear glacadh leis nach raibh mórán cumhachta ag an Údarás ariamh i gcomparáid leis na Comhairlí Contae. Is iad na sainmhínithe Gaeltachta agus Pobail Gaeilge sa bhille is mó a tharraing m'airdse, ámh.
Pobal faoi leith is ea gnáthphobal na Gaeltachta. Daoine iad a labhair Gaeilge go nádúrtha neamhchoinsiasach, díreach mar a labhair a dtuismitheoirí agus a seantuismitheoirí Gaeilge. Níor chuir éinne isteach orthu, agus níor chuir siadsan isteach ar éinne eile. Faraor, ámh, tá an saol sin athruithe. Le teacht na mbóithre móra nua, teilifís saitilíte, raidió áitiúil as na bailte móra, tithe saoire agus turasóireacht, tá an pobal nádúrtha sin ag imeacht. Tá an Ghaeltacht ag athrú go tapa, agus an Ghaeilge ag sleamhnú aisti. Ach is léir fós féin go bhfuil pobal Gaeilge sa tír. An é rud é gurb é sainmhíniú na Gaeltachta atá lochtach, agus muid ag druidim le ré ina bhfuil i bhfad níos mó Gael ina gcónaí i mbailte ná faoin tuath?
Creimeadh nádúrtha atá ar siúl sa Ghaeltacht, díreach mar atá ar siúl i  gceantair caomhnaithe cultúir ar fud an domhain. De na 18 teangacha Algancuacha a labhraíodh i "dtearmainn" in oirthear na Stát Aontaithe sa 20ú haois, níl ach trí cinn á labhairt inniu, agus níl fágtha de chainteoirí dúchais acu ach 2,500 (a bhformhór acu seandaoine).
Mar sin, má táimid chun an Ghaeltacht "a shábháil", ní mór dúinn teacht ar réiteach radaiceach ar an bhfadhb, agus sin sainmhínithe nua Gaeltachta a chruthú, ó is léir go bhfuil cainteoirí Gaeilge in Éirinn nach bhfaigheann aitheantas faoin chóras mar atá. Níl sábhail na teanga chun tarlú faoin tuath. Caithfear an cath teanga a leathnú amach thar theoireannacha na Gaeltachta agus isteach sna bailte agus na cathracha. Agus caithfear é a dhéanamh ar bhonn náisiúnta. Ní thabharfar aird ar bith do mhionphobail i gceantair iargúlta (níor tugadh ariamh), ach tarraingeoidh pobal náisiúnta aird.
Rinne an Staidéar Cuimsitheach sár-obair ar shainmhíniú Gaeltachta cheana féin, le gach focheantar lipéadaithe "A", "B", nó "C" de réir méid na gcainteoirí dúchais iontu, ach faraor chuaigh sé thar théarmaí tagartha an Staidéir breathnú thar theorainneacha na Gaeltachta chun catagóir "D" a aimsiú - áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge láidir agus ina mbeadh todhchaí don teanga. Seo seans do phobail teanga ar fud oileán na hÉireann léarscáil na Gaeilge a athrú ó bun - más toil leo sin a dhéanamh i ndáiríre!
Don chéad uair, tugtar aitheantas do "Bhailte Seirbhíse Gaeltachta" sa bhille - sé sin, "bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leo". Is éard atá i gceist, is dócha, ná Gaillimh, Trá Lí, Leitir Ceanainn, Dún Garbhán, agus a leithéid, ach is deacair a dhéanamh amach céard a dhéanfar sna bailte seo nach bhfuil á dhéanamh cheana féin chun an t-aitheantas a bhaint amach. Agus cén leas a bhainfidh siad as an aitheantas? An t-aon easpa atá le tabhairt faoi deara iontu go dtí seo ná i réimse áiseanna don phobal Gaelach. Réitíodh an fhadhb i mBéal Feirste le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a fheidhmíonn mar mhaighdeog a gcasann pobal Gaeilge Bhéal Feirste thart air, ach níl a leithéid in aon áit eile in Éirinn ach Doire (áit nach ndeachaigh pobal na Gaeilge thar an tairseach chriticiúil go fóill). An dtabharfadh an bille seo seans do na "bailte seirbhíse" seo cultúrlanna a bhunú a fheidhmeodh mar fhócáis do phobal na Gaeltachta in aice leo agus dá bpobail Gaelacha féin? Nár dheas é sin a fheiceáil? Ach an dtarlóidh sé faoin bhille seo? Níl tagairt ar bith sa bhille seo do chaiteachas breise don phlean ach amháin go "go soláthróidh an t-Oireachtas é."
Don chéad uair freisin, tugtar aitheantas do "Líonraí Gaeilge" sa bhille - pobail labhartha nach gá dóibh a bheith sa Ghaeltacht mar a aithnítear í faoi láthair. Ach arís tá fadhbanna suntasacha bainteach le seo, go háirithe i dtaobh sainmhínithe. Cad is "Líonra Gaeilge" ann? Níor leor, mar shampla, comharthaí Gaeilge os cionn siopaí áitiúla chun aitheantas a fháil, ná rang Gaeilge d'aosaigh sa halla paróiste, ná Gaelscoil. Go deimhin, ba dheacair aitheantas dáiríre a thabhairt do "Líonra Gaeilge" ar bith nach mbeadh cainteoirí dúchais ann.
An bhfuil áiteanna in Éirinn a d'fhéadfadh cur isteach ar aitheantas éigin faoin bhille? Taobh amuigh de Iarthar Bhéal Feirste, ní léir domsa go bhfuil faoi láthair. An t-aon rud a thaispeán an G-Team dúinn in earrach na bliana seo ná chomh lag is atá an Ghaeilge fiú sna pobail is láidre Gaeilge sa tír. An bhféadfadh Cluain Dolcáin (a bhfuil cáil an Ghaelachais uirthi, is cosúil) cur isteach ar aitheantas, mar shampla, fiú nuair is léir nach bhfuil thar scór teaghlach as 10,000 ansin ag labhairt Gaeilge mar theanga bhaile?
Anuas ar sin, cé a thabharfaidh breithiúnas ar na h-iarratais? Ní léir in aon chor go mbeidh teangeolaithe ná gníomhaithe teanga páirteach sa phróiséas in aon chor, agus is mór m'fhaitíos dá réir go mbeidh "líonraí" ag fáil aitheantais faoin bhille seo nach bhfuil ar siúl acu ach cur i gcéill.
Is trua go bhfuil orainn dul in iontaoibh an Aire chomh mór sin i dtaobh aithint na gceantar nua, ach i ndeireadh báire is léir freisin go gcaithfear sainmhíniú nua a thabhairt don fhocal "Gaeltacht" má tá an Ghaeilge chun maireachtáil. Tús lag atá sa bhille seo, ach tús is ea é mar sin féin.
CRÍOCH

Beathaisnéis: Is comhollamh le teangeolaíocht é Brian Ó Broin in William Paterson University, New Jersey. I mbliana bhí sé ina eagarthóir ar Thógamar le Gaeilge Iad (Coiscéim & Comhluadar), faoi thógáil clainne le Gaeilge.

Labels: , , , , ,

Seoladh Thógamar Le Gaeilge Iad i gClub an Chonartha, Baile Átha Cliath, Márta 2012

Seoladh Thógamar le Gaeilge Iad go hoifigiúil i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, i mí na Márta, 2012. Seo físeán beag den seoladh, agus óráidí Bhriain Uí Bhroin agus Mhuirinn Uí Mhóráin (le Feargal Ó Cuilinn mar fhear an tí).

Thógamar le Gaeilge Iad was officially launched in the Conradh na Gaeilge Club, Harcourt Street in March of 2012. Here's a small video of the launch, with speeches by Brian Ó Broin and Muireann Ní Mhóráin (and Feargal Ó Cuilinn as M.C.)

http://www.youtube.com/watch?v=NEA5ArnWBgI&list=UUGoiEOv3Z-SreK3oKGriUcw&index=1&feature=plcp

Labels: , , , , , , , , , ,

Thursday, August 02, 2012

An Bille Gaeltachta 2012 - Gealladh Faoi, ach é lochtach go fóill

An article by me on the new Gaeltacht Bill in Gaelscéal 25ú Iúil, 2012. My point: it's deeply flawed, but there are glimmers of hope in it for urban Irish-speaking communities not recognised under current legislation. 
San alt seo, scagaím an Bille Gaeltachta 2012 agus déanaim go bhfuil gealladh faoi, ach go bhfuil go leor le déanamh go fóill ag an rialtas agus ag na pobail ar mhaith leo a bheith aitheanta faoin bhille nua.
Bille Lochtach, ach le Gealladh Faoi
le
Brian Ó Broin

Na lochtanna is mó a fhaigheann daoine ar an mBille Gaeltachta nua ná go gcuireann sé deireadh le toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta. Buille trom is ea sin do dhaonlathas sa Ghaeltacht, ach faraor caithfear glacadh leis nach raibh mórán cumhachta ag an Údarás ariamh i gcomparáid leis na Comhairlí Contae. Is iad na sainmhínithe Gaeltachta agus Pobail Gaeilge sa bhille is mó a tharraing m'airdse, ámh.
Pobal faoi leith is ea gnáthphobal na Gaeltachta. Daoine iad a labhair Gaeilge go nádúrtha neamhchoinsiasach, díreach mar a labhair a dtuismitheoirí agus a seantuismitheoirí Gaeilge. Níor chuir éinne isteach orthu, agus níor chuir siadsan isteach ar éinne eile. Faraor, ámh, tá an saol sin athruithe. Le teacht na mbóithre móra nua, teilifís saitilíte, raidió áitiúil as na bailte móra, tithe saoire agus turasóireacht, tá an pobal nádúrtha sin ag imeacht. Tá an Ghaeltacht ag athrú go tapa, agus an Ghaeilge ag sleamhnú aisti. Ach is léir fós féin go bhfuil pobal Gaeilge sa tír. An é rud é gurb é sainmhíniú na Gaeltachta atá lochtach, agus muid ag druidim le ré ina bhfuil i bhfad níos mó Gael ina gcónaí i mbailte ná faoin tuath?
Creimeadh nádúrtha atá ar siúl sa Ghaeltacht, díreach mar atá ar siúl i  gceantair caomhnaithe cultúir ar fud an domhain. De na 18 teangacha Algancuacha a labhraíodh i "dtearmainn" in oirthear na Stát Aontaithe sa 20ú haois, níl ach trí cinn á labhairt inniu, agus níl fágtha de chainteoirí dúchais acu ach 2,500 (a bhformhór acu seandaoine).
Mar sin, má táimid chun an Ghaeltacht "a shábháil", ní mór dúinn teacht ar réiteach radaiceach ar an bhfadhb, agus sin sainmhínithe nua Gaeltachta a chruthú, ó is léir go bhfuil cainteoirí Gaeilge in Éirinn nach bhfaigheann aitheantas faoin chóras mar atá. Níl sábhail na teanga chun tarlú faoin tuath. Caithfear an cath teanga a leathnú amach thar theoireannacha na Gaeltachta agus isteach sna bailte agus na cathracha. Agus caithfear é a dhéanamh ar bhonn náisiúnta. Ní thabharfar aird ar bith do mhionphobail i gceantair iargúlta (níor tugadh ariamh), ach tarraingeoidh pobal náisiúnta aird.
Rinne an Staidéar Cuimsitheach sár-obair ar shainmhíniú Gaeltachta cheana féin, le gach focheantar lipéadaithe "A", "B", nó "C" de réir méid na gcainteoirí dúchais iontu, ach faraor chuaigh sé thar théarmaí tagartha an Staidéir breathnú thar theorainneacha na Gaeltachta chun catagóir "D" a aimsiú - áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge láidir agus ina mbeadh todhchaí don teanga. Seo seans do phobail teanga ar fud oileán na hÉireann léarscáil na Gaeilge a athrú ó bun - más toil leo sin a dhéanamh i ndáiríre!
Don chéad uair, tugtar aitheantas do "Bhailte Seirbhíse Gaeltachta" sa bhille - sé sin, "bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leo". Is éard atá i gceist, is dócha, ná Gaillimh, Trá Lí, Leitir Ceanainn, Dún Garbhán, agus a leithéid, ach is deacair a dhéanamh amach céard a dhéanfar sna bailte seo nach bhfuil á dhéanamh cheana féin chun an t-aitheantas a bhaint amach. Agus cén leas a bhainfidh siad as an aitheantas? An t-aon easpa atá le tabhairt faoi deara iontu go dtí seo ná i réimse áiseanna don phobal Gaelach. Réitíodh an fhadhb i mBéal Feirste le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a fheidhmíonn mar mhaighdeog a gcasann pobal Gaeilge Bhéal Feirste thart air, ach níl a leithéid in aon áit eile in Éirinn ach Doire (áit nach ndeachaigh pobal na Gaeilge thar an tairseach chriticiúil go fóill). An dtabharfadh an bille seo seans do na "bailte seirbhíse" seo cultúrlanna a bhunú a fheidhmeodh mar fhócáis do phobal na Gaeltachta in aice leo agus dá bpobail Gaelacha féin? Nár dheas é sin a fheiceáil? Ach an dtarlóidh sé faoin bhille seo? Níl tagairt ar bith sa bhille seo do chaiteachas breise don phlean ach amháin go "go soláthróidh an t-Oireachtas é."
Don chéad uair freisin, tugtar aitheantas do "Líonraí Gaeilge" sa bhille - pobail labhartha nach gá dóibh a bheith sa Ghaeltacht mar a aithnítear í faoi láthair. Ach arís tá fadhbanna suntasacha bainteach le seo, go háirithe i dtaobh sainmhínithe. Cad is "Líonra Gaeilge" ann? Níor leor, mar shampla, comharthaí Gaeilge os cionn siopaí áitiúla chun aitheantas a fháil, ná rang Gaeilge d'aosaigh sa halla paróiste, ná Gaelscoil. Go deimhin, ba dheacair aitheantas dáiríre a thabhairt do "Líonra Gaeilge" ar bith nach mbeadh cainteoirí dúchais ann.
An bhfuil áiteanna in Éirinn a d'fhéadfadh cur isteach ar aitheantas éigin faoin bhille? Taobh amuigh de Iarthar Bhéal Feirste, ní léir domsa go bhfuil faoi láthair. An t-aon rud a thaispeán an G-Team dúinn in earrach na bliana seo ná chomh lag is atá an Ghaeilge fiú sna pobail is láidre Gaeilge sa tír. An bhféadfadh Cluain Dolcáin (a bhfuil cáil an Ghaelachais uirthi, is cosúil) cur isteach ar aitheantas, mar shampla, fiú nuair is léir nach bhfuil thar scór teaghlach as 10,000 ansin ag labhairt Gaeilge mar theanga bhaile?
Anuas ar sin, cé a thabharfaidh breithiúnas ar na h-iarratais? Ní léir in aon chor go mbeidh teangeolaithe ná gníomhaithe teanga páirteach sa phróiséas in aon chor, agus is mór m'fhaitíos dá réir go mbeidh "líonraí" ag fáil aitheantais faoin bhille seo nach bhfuil ar siúl acu ach cur i gcéill.
Is trua go bhfuil orainn dul in iontaoibh an Aire chomh mór sin i dtaobh aithint na gceantar nua, ach i ndeireadh báire is léir freisin go gcaithfear sainmhíniú nua a thabhairt don fhocal "Gaeltacht" má tá an Ghaeilge chun maireachtáil. Tús lag atá sa bhille seo, ach tús is ea é mar sin féin.
CRÍOCH

Beathaisnéis: Is comhollamh le teangeolaíocht é Brian Ó Broin in William Paterson University, New Jersey. I mbliana bhí sé ina eagarthóir ar Thógamar le Gaeilge Iad (Coiscéim & Comhluadar), faoi thógáil clainne le Gaeilge.
 

Labels: , , , , , , , , , , , , , ,