An Bille Gaeltachta 2012 - Gealladh Faoi, ach é lochtach go fóill
Bille
Lochtach, ach le Gealladh Faoi
le
Brian
Ó Broin
Na lochtanna
is mó a fhaigheann daoine ar an mBille Gaeltachta nua ná go gcuireann sé
deireadh le toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta. Buille trom is ea sin do
dhaonlathas sa Ghaeltacht, ach faraor caithfear glacadh leis nach raibh mórán
cumhachta ag an Údarás ariamh i gcomparáid leis na Comhairlí Contae. Is iad na
sainmhínithe Gaeltachta agus Pobail Gaeilge sa bhille is mó a tharraing m'airdse,
ámh.
Pobal faoi
leith is ea gnáthphobal na Gaeltachta. Daoine iad a labhair Gaeilge go nádúrtha
neamhchoinsiasach, díreach mar a labhair a dtuismitheoirí agus a
seantuismitheoirí Gaeilge. Níor chuir éinne isteach orthu, agus níor chuir
siadsan isteach ar éinne eile. Faraor, ámh, tá an saol sin athruithe. Le teacht
na mbóithre móra nua, teilifís saitilíte, raidió áitiúil as na bailte móra,
tithe saoire agus turasóireacht, tá an pobal nádúrtha sin ag imeacht. Tá an
Ghaeltacht ag athrú go tapa, agus an Ghaeilge ag sleamhnú aisti. Ach is léir
fós féin go bhfuil pobal Gaeilge sa tír. An é rud é gurb é sainmhíniú na
Gaeltachta atá lochtach, agus muid ag druidim le ré ina bhfuil i bhfad níos mó Gael
ina gcónaí i mbailte ná faoin tuath?
Creimeadh
nádúrtha atá ar siúl sa Ghaeltacht, díreach mar atá ar siúl i gceantair caomhnaithe cultúir ar fud an
domhain. De na 18 teangacha Algancuacha a labhraíodh i "dtearmainn"
in oirthear na Stát Aontaithe sa 20ú haois, níl ach trí cinn á labhairt inniu, agus
níl fágtha de chainteoirí dúchais acu ach 2,500 (a bhformhór acu seandaoine).
Mar sin, má
táimid chun an Ghaeltacht "a shábháil", ní mór dúinn teacht ar
réiteach radaiceach ar an bhfadhb, agus sin sainmhínithe nua Gaeltachta a
chruthú, ó is léir go bhfuil cainteoirí Gaeilge in Éirinn nach bhfaigheann
aitheantas faoin chóras mar atá. Níl sábhail na teanga chun tarlú faoin tuath.
Caithfear an cath teanga a leathnú amach thar theoireannacha na Gaeltachta agus
isteach sna bailte agus na cathracha. Agus caithfear é a dhéanamh ar bhonn
náisiúnta. Ní thabharfar aird ar bith do mhionphobail i gceantair iargúlta
(níor tugadh ariamh), ach tarraingeoidh pobal náisiúnta aird.
Rinne an Staidéar Cuimsitheach sár-obair ar
shainmhíniú Gaeltachta cheana féin, le gach focheantar lipéadaithe "A",
"B", nó "C" de réir méid na gcainteoirí dúchais iontu, ach faraor
chuaigh sé thar théarmaí tagartha an Staidéir breathnú thar theorainneacha na
Gaeltachta chun catagóir "D" a aimsiú - áiteanna ina bhfuil an
Ghaeilge láidir agus ina mbeadh todhchaí don teanga. Seo seans do phobail
teanga ar fud oileán na hÉireann léarscáil na Gaeilge a athrú ó bun - más toil
leo sin a dhéanamh i ndáiríre!
Don chéad
uair, tugtar aitheantas do "Bhailte Seirbhíse Gaeltachta" sa bhille -
sé sin, "bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, nó
tadhlach leo". Is éard atá i gceist, is dócha, ná Gaillimh, Trá Lí, Leitir
Ceanainn, Dún Garbhán, agus a leithéid, ach is deacair a dhéanamh amach céard a
dhéanfar sna bailte seo nach bhfuil á dhéanamh cheana féin chun an t-aitheantas
a bhaint amach. Agus cén leas a bhainfidh siad as an aitheantas? An t-aon easpa
atá le tabhairt faoi deara iontu go dtí seo ná i réimse áiseanna don phobal
Gaelach. Réitíodh an fhadhb i mBéal Feirste le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a
fheidhmíonn mar mhaighdeog a gcasann pobal Gaeilge Bhéal Feirste thart air, ach
níl a leithéid in aon áit eile in Éirinn ach Doire (áit nach ndeachaigh pobal
na Gaeilge thar an tairseach chriticiúil go fóill). An dtabharfadh an bille seo
seans do na "bailte seirbhíse" seo cultúrlanna a bhunú a fheidhmeodh
mar fhócáis do phobal na Gaeltachta in aice leo agus dá bpobail Gaelacha féin?
Nár dheas é sin a fheiceáil? Ach an dtarlóidh sé faoin bhille seo? Níl tagairt
ar bith sa bhille seo do chaiteachas breise don phlean ach amháin go "go
soláthróidh an t-Oireachtas é."
Don chéad
uair freisin, tugtar aitheantas do "Líonraí Gaeilge" sa bhille -
pobail labhartha nach gá dóibh a bheith sa Ghaeltacht mar a aithnítear í faoi
láthair. Ach arís tá fadhbanna suntasacha bainteach le seo, go háirithe i
dtaobh sainmhínithe. Cad is "Líonra Gaeilge" ann? Níor leor, mar
shampla, comharthaí Gaeilge os cionn siopaí áitiúla chun aitheantas a fháil, ná
rang Gaeilge d'aosaigh sa halla paróiste, ná Gaelscoil. Go deimhin, ba dheacair
aitheantas dáiríre a thabhairt do "Líonra Gaeilge" ar bith nach mbeadh
cainteoirí dúchais ann.
An bhfuil
áiteanna in Éirinn a d'fhéadfadh cur isteach ar aitheantas éigin faoin bhille?
Taobh amuigh de Iarthar Bhéal Feirste, ní léir domsa go bhfuil faoi láthair. An
t-aon rud a thaispeán an G-Team dúinn in earrach na bliana seo ná chomh lag is
atá an Ghaeilge fiú sna pobail is láidre Gaeilge sa tír. An bhféadfadh Cluain
Dolcáin (a bhfuil cáil an Ghaelachais uirthi, is cosúil) cur isteach ar
aitheantas, mar shampla, fiú nuair is léir nach bhfuil thar scór teaghlach as
10,000 ansin ag labhairt Gaeilge mar theanga bhaile?
Anuas ar sin,
cé a thabharfaidh breithiúnas ar na h-iarratais? Ní léir in aon chor go mbeidh
teangeolaithe ná gníomhaithe teanga páirteach sa phróiséas in aon chor, agus is
mór m'fhaitíos dá réir go mbeidh "líonraí" ag fáil aitheantais faoin
bhille seo nach bhfuil ar siúl acu ach cur i gcéill.
Is trua go
bhfuil orainn dul in iontaoibh an Aire chomh mór sin i dtaobh aithint na
gceantar nua, ach i ndeireadh báire is léir freisin go gcaithfear sainmhíniú
nua a thabhairt don fhocal "Gaeltacht" má tá an Ghaeilge chun
maireachtáil. Tús lag atá sa bhille seo, ach tús is ea é mar sin féin.
CRÍOCH
Beathaisnéis:
Is comhollamh le teangeolaíocht é Brian Ó Broin in William Paterson University,
New Jersey. I mbliana bhí sé ina eagarthóir ar Thógamar le Gaeilge Iad (Coiscéim & Comhluadar), faoi thógáil
clainne le Gaeilge.
Labels: Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Belfast, Bille Gaeltachta, Clondalkin, Cluain Dolcáin, Dublin, gaeilge, Gaelic, Gaeltacht, Irish Government, Irish language, Networks, Údarás na Gaeltachta, Urban Irish
0 Comments:
Post a Comment
<< Home