Monday, April 04, 2016

Conas "Hedbanz" a imirt as Gaeilge

Imríonn páistí an cluiche seo go minic faoin teideal "What am I?" Léiríonn an pictiúr thíos an modh imeartha - crochann tú cárta ar do chloigeann (nach bhfaca tú thú féin) agus cuireann tú ceisteanna ar do chomh-imreoirí le fáil amach cad thú. Níl cead ag do chomhimreoirí ach an briathar a rá ar ais. Mar shampla: "An bhfuil mé beo? - Tá/Níl"; "An bhfeictear ar fheirm mé? - Feictear/Ní fheictear").

1) Ceannaigh 200 cárta innéacsa:


2) Ceannaigh an leabhar greamán seo:

3) Bain na greamáin, ceann i ndiaidh a chéile, den leabhar:

4) Cuir ceann amháin ar gach cárta innéacsa (gníomhaíocht deas do na páistí is ea seo freisin):

5) Imir!

Labels: , , , , ,

0 Comments:

Post a Comment

<< Home