Tuesday, March 15, 2016

Stair, Neamhstair, agus Athstair i Fontenoy, le Liam Mac Cóil.

"Stair, Neamhstair, agus Athstair i Fontenoy, le Liam Mac Cóil"

Brian Ó Broin
Ollscoil William Paterson, NJ
William Paterson University

Litríocht na Gaeilge agus Stair na hÉireann - Irish Language Literature and the History of Ireland
Lehman College, Bronx, Nua Eabhrac (New York City), Márta 2016

Achoimre

Is Dia é an scríbhneoir, agus sin atá an scéalaí seo ag iarraidh a rá linn.
"Tá tús maith curtha againn leis an scéal mar sin, agus fúmsa atá, go cinnte, a shocrú cé acu ab fhearr: ligean daoibh éisteacht le tuilleadh den sárú seo [a chloisteáil, nó eile]. . . Is rífhurasta scéalta a cheapadh. (51)

Tá príomhcharachtair an leabhair seo, An Sáirsint Ó Raghallaigh agus Voltaire, ag insint scéal as a gclaontacht féin, agus tá ár scéalaí, guth a chruthaigh Liam Mac Cóil, chomh claonta céanna. Tá cruacheisteanna le freagairt, agus cuireann an scéalaí iad:
cé méid den chúlántas Gaelach seo faoi ndear claoninsint na staire ina dhiaidh sin?
cé méad den insint sin a eascraíonn as cinsearacht na haicme a fuair an lámh in uachtar?
cé méad ar cheist teanga é?
agus cé méad den stair a bhaineanna le cás lucht labhartha na teanga sin i láthair na huaire? (153-154).

Táthar ag caint linne. Timpeall orainn tá daoine ag léamh Harry Potter, Twilight, Fifty Shades of Grey, The Irish Times, Diarmuid Ferriter. Agus bímis ionraic faoi seo: tá muide á léamh freisin in áit na bhfoinsí Gaeilge, más ann dóibh. Cheana féin tá an lámh in uachtar faighte ag an mBéarlóir ar stair na nGael.

Faoi dheireadh tuigeann Ó Raghallaigh cé hé an fear seo.
"Seo é an fear a chruthaigh Fontenoy." (185)
Ach gan ach tagairt ghágach amháin do na hÉireannaigh.

Níl fearg ar Ó Raghallaigh. Tá a chlár oibre féin ag Voltaire. Sin an fáth go gcaithfidh Ó Raghallaigh é féin dul i mbun pinn. Dar leis
"sa deireadh is dócha tá gach pobal freagrach as a stair féin." (188)


 Agus tuigimidne anois cé hé an scéalaí tríú pearsa seo. Ní hé stair Fontenoy atá ar siúl anseo, ach athghabháil stair na nGael, cibé áit ina bhfuilimid, athghabháil na staire a goideadh uainn agus a chaithfimid goid ar ais, fiú más gá an stair sin a chumadh.


Labels: , , , , , ,

1 Comments:

At 7:42 AM, Blogger Mrs. McCarthy Juan said...

TESTIMONY ON HOW I GOT MY LOAN FROM A FINANCE COMPANY LAST WEEK Email for immediate response: drbenjaminfinance@gmail.com

{Dr.Benjamin Scarlet Owen} can also help you with a legit loan offer. He Has also helped some other colleagues of mine. If you need a genuine loan without cost/stress he his the right loan lender to wipe away your financial problems and crisis today. BENJAMIN LOAN FINANCE holds all of the information about how to obtain money quickly and painlessly via WhatsApp +19292227023 Email drbenjaminfinance@gmail.com

 

Post a Comment

<< Home