Thursday, December 03, 2015

"Próifíl na Gaeilge" agus TG4

Mé ag caint le Cormac Ó hEaghra agus Rossa Ó Snodaigh faoi "Phróifíl na Gaeilge", Junior Eurovision, agus TG4 an tseachtain seo.

An Mhír den Chlár:
http://www.rte.ie/rnag/cormac-ag-a-cuig/programmes/2015/1201/750542-cormac-ag-a-cig-mirt-1-nollaig-2015/?clipid=2045874#2045874

Cúpla pointe eile:

Ardmheas agam ar Rossa, agus ábhar machnaimh san alt go deimhin.

ACH: Ní thuigim an rud seo faoi "phróifíl na Gaeilge." An bhfuil próifíl ag an mBéarla? Cuireann ceisteanna mar seo, agus an méid a deir Rossa, leis an dearcadh go maireann an Ghaeilge mar táirgeadh nó rud nó coincheap (Jedward, Red Lemonade, Tayto Park, Rince ar an Sean Nós) TAOBH ISTIGH de chóras eile. Sa chás seo, Éirinn/An Béarla.

Ní gá "próifíl" a bheith ag an mBéarla sa domhan seo, mar is é feithicil urlabhra réamhshocraithe na hÉireann é. Ní éiríonn agus ní thiteann próifíl an Bhéarla, ach éiríonn agus titeann próifíl Jedward, Tayto Park, agus na Gaeilge.

Caithfidh MUIDE ("pobal" na Gaeilge) ár ndearcadh féin a athrú, agus breathnú ar an teanga mar rud réamhshocraithe, nach bhfuil "próifíl" aici, agus trína maireann muid.

Agus seo é croí na ceiste. I ndáiríre tá 95% de "phobal" na Gaeilge (TG4 ina measc) ag maireachtáil leis na réamhshocruithe Béarlaithe. Tá an Ghaeilge ceart go leor don seomra ranga, don chiorcal comhrá ag 7pm Déardaoin, agus do chorr-chlár ar an teilifís agus ar an raidió, ach is é an Béarla gnáththeanga an tí agus an ghnó. Is é an Béarla teanga réamhshocraithe na tíre, agus sin an fáth nach gá é a fhotheidliú ar TG4, agus nach gá ach pidgin gránna ó na cainteoirí ar na cláracha.

Dála an scéil, fiú más fuath liom an pidgin gránna ar an gclár, tá mo chlann ag canadh na n-amhrán Gaeilge ón Junior Eurovision le coicís anuas. Súil agam go ndéanfar CD díobh agus go gcloisfear iad ar an raidió go luath.

Tá polasaí fotheidlithe TG4 ina chiseach agus ina mhasla ceart ar chainteoirí Gaeilge. Níor dearnadh machnamh ar bith ar riachtanais an chainteora Gaeilge.

Labels: , , , , , , , , ,

1 Comments:

At 7:44 AM, Blogger Mrs. McCarthy Juan said...

TESTIMONY ON HOW I GOT MY LOAN FROM A FINANCE COMPANY LAST WEEK Email for immediate response: drbenjaminfinance@gmail.com

{Dr.Benjamin Scarlet Owen} can also help you with a legit loan offer. He Has also helped some other colleagues of mine. If you need a genuine loan without cost/stress he his the right loan lender to wipe away your financial problems and crisis today. BENJAMIN LOAN FINANCE holds all of the information about how to obtain money quickly and painlessly via WhatsApp +19292227023 Email drbenjaminfinance@gmail.com

 

Post a Comment

<< Home