"Próifíl na Gaeilge" agus TG4
Mé ag caint le Cormac Ó hEaghra agus Rossa Ó Snodaigh faoi "Phróifíl na Gaeilge", Junior Eurovision, agus TG4 an tseachtain seo.An Mhír den Chlár:
http://www.rte.ie/rnag/cormac-ag-a-cuig/programmes/2015/1201/750542-cormac-ag-a-cig-mirt-1-nollaig-2015/?clipid=2045874#2045874
Cúpla pointe eile:
Ardmheas agam ar Rossa, agus ábhar machnaimh san alt go deimhin.
ACH:
Ní thuigim an rud seo faoi "phróifíl na Gaeilge." An bhfuil próifíl ag
an mBéarla? Cuireann ceisteanna mar seo, agus an méid a deir Rossa, leis
an dearcadh go maireann an Ghaeilge mar táirgeadh nó rud nó coincheap
(Jedward, Red Lemonade, Tayto Park, Rince ar an Sean Nós) TAOBH ISTIGH
de chóras eile. Sa chás seo, Éirinn/An Béarla.
Ní
gá "próifíl" a bheith ag an mBéarla sa domhan seo, mar is é feithicil
urlabhra réamhshocraithe na hÉireann é. Ní éiríonn agus ní thiteann
próifíl an Bhéarla, ach éiríonn agus titeann próifíl Jedward, Tayto
Park, agus na Gaeilge.
Caithfidh
MUIDE ("pobal" na Gaeilge) ár ndearcadh féin a athrú, agus breathnú ar
an teanga mar rud réamhshocraithe, nach bhfuil "próifíl" aici, agus
trína maireann muid.
Agus
seo é croí na ceiste. I ndáiríre tá 95% de "phobal" na Gaeilge (TG4 ina
measc) ag maireachtáil leis na réamhshocruithe Béarlaithe. Tá an
Ghaeilge ceart go leor don seomra ranga, don chiorcal comhrá ag 7pm
Déardaoin, agus do chorr-chlár ar an teilifís agus ar an raidió, ach is é
an Béarla gnáththeanga an tí agus an ghnó. Is é an Béarla teanga
réamhshocraithe na tíre, agus sin an fáth nach gá é a fhotheidliú ar
TG4, agus nach gá ach pidgin gránna ó na cainteoirí ar na cláracha.
Dála
an scéil, fiú más fuath liom an pidgin gránna ar an gclár, tá mo chlann
ag canadh na n-amhrán Gaeilge ón Junior Eurovision le coicís anuas.
Súil agam go ndéanfar CD díobh agus go gcloisfear iad ar an raidió go
luath.
Tá
polasaí fotheidlithe TG4 ina chiseach agus ina mhasla ceart ar
chainteoirí Gaeilge. Níor dearnadh machnamh ar bith ar riachtanais an
chainteora Gaeilge.
Labels: An Ghaeilge, Brian Ó Broin, Cormac Ó hEaghra, Cormac@5, Cormac5, Junior Eurovision, Próifíl na Gaeilge, RnaG, Rossa Ó Snodaigh, TG4