Úrscéal le Brian Ó Broin - Duais in Oireachtas 2015
Duais Litríochta Gnóthaithe ag Brian Ó Broin
Bronnadh an
chéad duais ar Bhrian Ó Broin dá úrsceal An
Eachtra ar Oileán na Rún i gcomórtas litríochta An Oireachtais 2015.
Is
Gaillimheach é an Dr. Brian Ó Broin a bhfuil cónaí air i Nua Gheirsí lena bhean
chéile Jo Schuster agus a iníonacha Ána agus Fiona. Is Comhollamh le
Teangeolaíocht agus Litríocht na Meánaoise é in Ollscoil William Paterson,
Wayne, NJ.
Bronnadh an
duais ar an 28ú Deireadh Fomhair, 2015, lá oscailte féile ealaíona an
Oireachtais.
Cé go
bhfuil an t-úrscéal suite sa lá atá inniu ann, baineann sé le stair agus
seandálaíocht Mheánaois Éireann, agus tarlaíonn an t-aicsean i mBaile Átha
Cliath agus ar Inis Cealtra i Loch Deirgeirt. Déagóirí as Nua Eabhrac is ea
príomhcharachtair an leabhair a nochtann mistéirí agus comhcheilg agus iad ag
taisteal in Éirinn.
Thosaigh
comórtas an Oireachtais sa bhliain 1897. Ghnóthaigh an Dr. Ó Broin duais
Oireachtais cheana, sa bhliain 2001, dá dhráma Na hEorpaigh, a cuireadh ar stáitse sa Taibhdhearc sa bhliain 2002.
Fuair an
Dr. Ó Broin a bhunoideachas i nGaillimh (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, agus
OÉG) agus Baile Átha Cliath (Coláiste na Carraige Duibhe) sula ndearna sé
staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.
Níos mó
eolais faoin Oireachtas anseo: www.antoireachtas.ie
Níos mó faoin
Dr. Ó Broin anseo: https://sites.google.com/site/professorbrianobroin/
Labels: 2015, Brian Ó Broin, Duais, Oireachtas, Úrscéal