Friday, March 09, 2012

Thógamar le Gaeilge Iad (Gaeilge)

Ceanglaítear an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh leis an nGaeltacht amháin in intinní formhór Éireannach, ach fairis na mílte teaghlach sa Ghaeltacht, cónaíonn na céadta teaghlach Gaelach eile taobh amuigh den Ghaeltacht sna bailte, sna cathracha, agus thar lear.
Anailís agus cur síos atá sa leabhar seo ar na teaghlaigh Gaelacha seo i gcoitinne, sa Ghaeltacht agus lasmuigh, agus go háirithe ar na fadhbanna lena gcaithfidh siad streachailt gach lá, idir scolaíocht, comhluadar, rialtas áitiúil, seirbhísí pobail, acmhainní foghlama agus siamsaíochta, meáin, cearta sibhialta agus eile.
Ach tuar dóchais atá sa leabhar seo. Taispeántar an chaoi ina bhfuil pobal cainteoirí dúchais ag teacht chun cinn sna cathracha, ainneoin easpa tacaíochta ó na húdaráis, agus mar atá an eagraíocht Comhluadar, a thosaigh sna nóchaidí le cúpla scór teaghlach, anois ag freastal ar bhreis agus 650 teaghlach.
Thar aon rud eile, ámh, tugann an leabhar seo dóchas do dhuine ar bith atá ag déanamh machnaimh ar thógáil clainne le Gaeilge. Cuirtear síos, ní amháin ar na míbhuntáistí, ach ar na buntáistí agus an luach saothair a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Taispeántar freisin go bhfuil daoine go leor ag glacadh leis an dúshlán seo cheana féin.
Scríbhneoirí sa leabhar
Brian Ó Broin, Máire Nic Ghiolla Phádraig, Iarfhlaith Watson, Pádraig Ó Duibhir, Denise O’Leary, Muiris Ó Laoire, PeadarMac Fhlannchadha, Muireann Ní Mhóráin, Doireann Ní Ghríofa, Concubhar Ó Liatháin, Siobhain Grogan, Mick Moriarty, Carmel Ní Chathláin, Breandán Ó Caollaí, Niall Ó Murchú, Aonghus Ó hAlmhain, Róisín Healy
An t-Eagarthóir
Is léachtóir le teangeolaíocht agus léann na meánaoise é Brian Ó Broin in William Paterson University, Nua Gheirsí. Tógadh i nGaillimh é, agus fuair sé a ollscolaíocht in Éirinn, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe. Tá sé ina chónaí i mBloomfield, Nua Gheirsí lena bhean Josephine Schuster agus a bheirt iníonacha, Ána agus Fiona, atá á dtógáil le Gaeilge agus Gearmáinis.

Labels: , , ,

0 Comments:

Post a Comment

<< Home