Friday, April 22, 2011

Metaficsean agus an Scéalaí Neamhiontaofa in Fontenoy, le Liam Mac Cóil --Metafiction and the Unreliable Narrator in Liam Mac Cóil's Fontenoy

Metaficsean agus an Scéalaí Neamhiontaofa in Fontenoy, le Liam Mac Cóil
le
Brian Ó Broin


Ní aon rud nua an metaficsean sa Bhéarla, ach tá claontacht ina aghaidh i litríocht na Gaeilge. Fadhb é seo a bhaineann leis an teanga, a léitheoirí, agus go fiú a scríbhneoirí. Ós iad foghlaimeoirí an chuid is mó de léitheoirí na Gaeilge, is beag ama atá acu do chleasaíocht bhreise ón údar. Tá fírinne sa scéal, nó níl.
Sin an fáth go raibh fáilte dhoicheallach roimh Cré na Cille, le Máirtín Ó Cadhain, nuair a foilsíodh é i 1949. Ní hamháin go raibh an Ghaeilge doléite do mhórchuid na léitheoirí, ach ní raibh an léitheoir in ann muinín ar bith a bheith aige sna scéalaithe ach oiread.
Ní bréagadóirí ná geilt iad na scéalaithe in Fontenoy, ámh. Uaireanta is deacair a dhéanamh amach an ann do scéalaí in aon chor. An é rud é nach bhfuil sa leabhar ach píosa grinn - scigmhagadh faoi chriticeoirí agus lucht léinn?
Cuirtear teicníc an cheamara i leith an Chadhnaigh i gcuid mhaith dá scéalta, agus ní féidir sin a shéanadh. Tá tionchar ag an cinéma ar Fontenoy, freisin, ach sa chás seo, ní an ceamara atá i gceist, ach an scéalaí. Is léir go bhfuil tionchar nach beag ag script-scríbhneoirí mar Charlie Kaufman, a bhfuil osréalachas agus ról an scríbhneora ina obair féin le braistint go mór. .

0 Comments:

Post a Comment

<< Home