Thursday, March 31, 2016

Taispeántas Gaelach ag WPUNJ Dé Céadaoin an 13ú Aibréan 2016 8pm

[This announcement is available in English here]

A Chara,

Beidh an compántas amharclannaíochta Fíbín ag cur "Pearse in Pictures / Mac Piarais i bPictiúir" ar siúl sa "WPUNJ Library Auditorium" at 8pm Dé Céadaoin, Aibreán 13th.


Meascán cainte, ceol, agus ealaíne atá sa taispeántas agus léireofar é i nGaeilge agus i mBéarla.

 Pádraig Mac Piarais is ábhar don taispeántas, ceannaire Éirí Amach na Cásca 1916, an eachtra arbh é bunú Saorstát Éireann an iarmhairt. Breathnaítear ar an bPiarsach in Éirinn mar a bhreathnaítear ar George Washington i Meiriceá.


Comóradh céad bliain an Éirí Amach atá ann i mbliana, agus mar chuid den chomóradh tá Fíbín i mbun camchuairte trí Mheiriceá Thuaidh leis an léiriú seo.

Tá an t-ádh dearg linn i dTuaisceart Nua Gheirsí gur éirigh linn an compántas a mhealladh agus ba mhór againn pobal Éireannach agus Gaelach an cheantair ag teacht chuige.

Beidh seans ag an lucht féachana caint leis na haisteoirí i ndiaidh an léirithe, agus ceisteanna a chur orthu.

Ticéid (ag an doras): $5 (micléinn agus aos óg); $8 gach duine eile.

Eolas: An tOll. Brian Ó Broin - obroinb@wpunj.edu - 973 720 2641;
www.fibin.com

Treoracha go dtí WPUNJ anseo.


Labels: , , , , , , , , , , , ,

Irish Show at WPUNJ Wed April 15th 2016 8pm

[Tá an fógra seo as Gaeilge anseo]

Dear NJ or NY friend,

The Irish theater company Fíbín will be performing "Pearse in Pictures / Mac Piarais i bPictiúir" in the WPUNJ Library Auditorium at 8pm on Wednesday April 13th.

The performance is a mixture of speech, music, and art and will be performed bilingually in Irish (Gaelic) and English.

The subject of the performance is Patrick Pearse (Pádraig Mac Piarais) the leader of the 1916 Easter Rising in Ireland, an event which led to the foundation of an independent Irish state. Pearse is considered by most Irish people the Irish equivalent of America's George Washington.

2016 is the one hundredth anniversary of the Easter Rising, and as part of the commemoration Fíbín are touring the United States and Canada with this show.  
WPUNJ is very lucky to have succeeded in attracting the show to New Jersey, and we hope to see as many people as possible at it.

The show will be followed by a Question and Answer session with the members of   the company.

Tickets (at the door): $5 for students and youth; $8 for all others.

Information: Prof. Brian Ó Broin - obroinb@wpunj.edu - 973 720 2641;
www.fibin.com


Directions to WPUNJ here.

Labels: , , , , , , , , , , , ,

Monday, March 21, 2016

Gaelmheiriceánaigh

Mé ar "An tSeachtain" is déanaí (19ú Márta) ar Raidió na Gaeltachta. Téama: Gaelmheiriceánaigh. http://www.rte.ie/rnag/an-tseachtain/

Labels: , , , , , , ,

Tuesday, March 15, 2016

Litríocht na Gaeilge agus Stair na hÉireann ~ Irish Language Literature and the History of Ireland - Pictiúir

John Woods, Antaine Ó Dubhthaigh, Brian Ó Broin

Aindrias Ó Cathasaigh

Fionnuala Uí Fhlannagáin
Níor thóg mé ach na trí phictiúr seo - mo leithscéal. Buíochas faoi leith do Thomás Ó hÍde / Thomas Ihde, a d'eagraigh an siompóisiam.
Agus comhghairdeas le Eibhlín Zurell agus Séamus Blake as an onóir a fuair siad i rith na comhdhála.

Labels: , , , , ,

Drámaíocht na Gaeilge - Boston College i mBaile Átha Cliath - Roinnt Pictiúir

Bríd Óg Ní Bhuachalla

Fiach Mac Conghail

Fidelma Ní Ghallchóir agus Hilary Bowen-Walsh

Alan Titley

Seán Mac Mathúna

Éilís Ní Dhuibhne

Liam Ó Muirthile

Darach Ó Scolaí

Micheál Ó Conghaile

Joe Steve Ó Neachtain

Alan Titley, Malachy Ó Néill, Bríd Ó Gallchóir, Brian Ó Conchubhair

Ian Ó Caoimh

Caitríona Ó Torna

Fidelma Ní Ghallchóir

Máirtín Mac Coilféir

Anthony Roche

Nollaig Mac Congáil

Máire Ní Neachtain

Jeannine Woods

Brian Ó Broin
Ní bhfuair mé gach éinne. Chaill mé Fionntán de Brún, Marianne Kennedy, Cathal Goan, Philip O'Leary agus beirt nó triúr eile. Brón orm!

Labels: , , , ,

Stair, Neamhstair, agus Athstair i Fontenoy, le Liam Mac Cóil.

"Stair, Neamhstair, agus Athstair i Fontenoy, le Liam Mac Cóil"

Brian Ó Broin
Ollscoil William Paterson, NJ
William Paterson University

Litríocht na Gaeilge agus Stair na hÉireann - Irish Language Literature and the History of Ireland
Lehman College, Bronx, Nua Eabhrac (New York City), Márta 2016

Achoimre

Is Dia é an scríbhneoir, agus sin atá an scéalaí seo ag iarraidh a rá linn.
"Tá tús maith curtha againn leis an scéal mar sin, agus fúmsa atá, go cinnte, a shocrú cé acu ab fhearr: ligean daoibh éisteacht le tuilleadh den sárú seo [a chloisteáil, nó eile]. . . Is rífhurasta scéalta a cheapadh. (51)

Tá príomhcharachtair an leabhair seo, An Sáirsint Ó Raghallaigh agus Voltaire, ag insint scéal as a gclaontacht féin, agus tá ár scéalaí, guth a chruthaigh Liam Mac Cóil, chomh claonta céanna. Tá cruacheisteanna le freagairt, agus cuireann an scéalaí iad:
cé méid den chúlántas Gaelach seo faoi ndear claoninsint na staire ina dhiaidh sin?
cé méad den insint sin a eascraíonn as cinsearacht na haicme a fuair an lámh in uachtar?
cé méad ar cheist teanga é?
agus cé méad den stair a bhaineanna le cás lucht labhartha na teanga sin i láthair na huaire? (153-154).

Táthar ag caint linne. Timpeall orainn tá daoine ag léamh Harry Potter, Twilight, Fifty Shades of Grey, The Irish Times, Diarmuid Ferriter. Agus bímis ionraic faoi seo: tá muide á léamh freisin in áit na bhfoinsí Gaeilge, más ann dóibh. Cheana féin tá an lámh in uachtar faighte ag an mBéarlóir ar stair na nGael.

Faoi dheireadh tuigeann Ó Raghallaigh cé hé an fear seo.
"Seo é an fear a chruthaigh Fontenoy." (185)
Ach gan ach tagairt ghágach amháin do na hÉireannaigh.

Níl fearg ar Ó Raghallaigh. Tá a chlár oibre féin ag Voltaire. Sin an fáth go gcaithfidh Ó Raghallaigh é féin dul i mbun pinn. Dar leis
"sa deireadh is dócha tá gach pobal freagrach as a stair féin." (188)


 Agus tuigimidne anois cé hé an scéalaí tríú pearsa seo. Ní hé stair Fontenoy atá ar siúl anseo, ach athghabháil stair na nGael, cibé áit ina bhfuilimid, athghabháil na staire a goideadh uainn agus a chaithfimid goid ar ais, fiú más gá an stair sin a chumadh.


Labels: , , , , , ,

Micheál Ó Conghaile, "Jude" & "Go dTaga do Ríocht" - Léirmheas le Brian Ó Broin

"Jude" agus "Go dTaga do Ríocht"
le Mícheál Ó Conghaile

Brian Ó Broin

Ollscoil William Paterson, NJ
William Paterson University

"Drámaíocht na Gaeilge" - Comhdháil Idirnáisiúnta á Reáchtáil ag Boston College i mBaile Átha Cliath.
International Conference on Irish Drama, organized by Boston College in Dublin



Achoimre Scioptha

Tá na dramaí seo tábhachtach mar léiríonn siad fíorphobal ina sheasamh ag chrosbhóthar. Agus gan céilí ar bith ar siúl ann. Siar uatha tá an Gorta Mór agus na Soupers, patrarcacht agus uisce faoi thalamh, sagairt agus ciúnas. Rompu tá trí bhóthar nua: saoltacht, nach bhfuil áit faoi leith ann do na sagairt ná do chóras creidimh ar bith; matrarcacht, nó ar a laghad comhchearta d'fhir agus mná; agus ilghnéitheacht gnéasachta, ina bhfuil cead agat do dhath gnéasachta a roghnú mar is toil leat féin.
Tá nathaíocht nádúrtha Chonamara soiléir sna drámaí seo, gan bhuíochas don Bhéarla atá breac tríd an gcaint. Agus is féidir le gach carachtar, nuair is gá, labhairt go fileata agus go deisealach. Ní Shakespeare é Mícheál Ó Conghaile, ach níl sin uaidh, sílim. Tá sé ag iarraidh a phobal féin a léiriú mar atá siad, cuma faoin fhileatacht.


Labels: , , , , , , ,

Friday, March 11, 2016

WPUNJ Campus on a spring day (Mar 11th, 2016)

I took a walk today around our newest campus building: University Hall.

Campus in 1951


View of Quadrangle from Top floor of University Hall
View of WPU Water Tower from University Hall
Cheng Library (Top Left) from University Hall
New York Skyline over Hobart Manor
Shea Auditorium (Top) and Hunziker Hall (Right) from University Hall
Students a bit squirrelly, as it's the last day before Spring Break
Manhattan from University Hall
Manhattan from University Hall
Manhattan from University Hall
Squirrelly WPUNJ Students at Work
WPUNJ Cheng Library across Speert Garden from Front Door of University Hall
Café in University Hall
Before University Hall . . . The Coach House
Some WPUNJ History
The Coach House in 1951 (demolished to make way for University Hall)

Labels: , , , , , , , ,