Wednesday, October 28, 2015

Úrscéal le Brian Ó Broin - Duais in Oireachtas 2015



Duais Litríochta Gnóthaithe ag Brian Ó Broin
Bronnadh an chéad duais ar Bhrian Ó Broin dá úrsceal An Eachtra ar Oileán na Rún i gcomórtas litríochta An Oireachtais 2015.
Is Gaillimheach é an Dr. Brian Ó Broin a bhfuil cónaí air i Nua Gheirsí lena bhean chéile Jo Schuster agus a iníonacha Ána agus Fiona. Is Comhollamh le Teangeolaíocht agus Litríocht na Meánaoise é in Ollscoil William Paterson, Wayne, NJ.
Bronnadh an duais ar an 28ú Deireadh Fomhair, 2015, lá oscailte féile ealaíona an Oireachtais.
Cé go bhfuil an t-úrscéal suite sa lá atá inniu ann, baineann sé le stair agus seandálaíocht Mheánaois Éireann, agus tarlaíonn an t-aicsean i mBaile Átha Cliath agus ar Inis Cealtra i Loch Deirgeirt. Déagóirí as Nua Eabhrac is ea príomhcharachtair an leabhair a nochtann mistéirí agus comhcheilg agus iad ag taisteal in Éirinn.
Thosaigh comórtas an Oireachtais sa bhliain 1897. Ghnóthaigh an Dr. Ó Broin duais Oireachtais cheana, sa bhliain 2001, dá dhráma Na hEorpaigh, a cuireadh ar stáitse sa Taibhdhearc sa bhliain 2002.
Fuair an Dr. Ó Broin a bhunoideachas i nGaillimh (Scoil Fhursa, Coláiste Iognáid, agus OÉG) agus Baile Átha Cliath (Coláiste na Carraige Duibhe) sula ndearna sé staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.
Níos mó eolais faoin Oireachtas anseo: www.antoireachtas.ie
Níos mó faoin Dr. Ó Broin anseo: https://sites.google.com/site/professorbrianobroin/

Labels: , , , ,